Seachtain na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lánseol anseo in Acadamh Pádraig. Bhí ‘bris an cód’ ar siúl ag an triú bliain ar an Luan, d’fhéach an cúigiú bliain ar an scannán ‘Black ‘47’ agus bhí tráth na gceist iontach ar siúl don chéad bhliain.

Beidh a thuilleadh imeachtaí ar siúl an tseachtain seo chugainn, Poc Fada agus Tóraíocht Taisce ina measc!